Skip to main content

Rialachas

Seirbhísí do Chustaiméirí

Más mian leat roinnt moltaí a dhéanamh maidir le bealaí a bhféadfaimis ár seirbhísí a fheabhsú, seol ríomhphost chuig info@wdc.ie Fáiltímid roimh aiseolas agus déileálaimid le moltaí a fhaighimid go tráthúil agus go rúnda.

Gearáin

Tá súil againn gur éirigh linn do ghearán a réiteach go sásúil. Má tá tú míshásta, áfach, leis an bhfreagra a fuair tú uainn, is féidir leat do ghearán a chur faoi bhráid Oifig an Ombudsman. Tá seirbhísí an Ombudsman cothrom, neamhspleách, agus éasca le húsáid.

Lorgóidh an tOmbudsman sonraí maidir le do ghearán uait agus cóip den litir/ríomhphost seo (ár bhfreagra deiridh ar do ghearán). Is é an bealach is fearr chun teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman:

  • Cliceáil ar an nasc ‘Déan Gearán’ ag https://www.ombudsman.ie/
  • Nó seol nóta i scríbhinn chuig: Oifig an Ombudsman, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
  • Nó glaoigh ar an Ombudsman ag an uimhir 01 636 5600 má tá aon cheist agat nó má theastaíonn cabhair uait chun gearán a dhéanamh.

PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA UM SHEIRBHÍS DO CHUSTAIMÉIRÍ 2019- 2024 – ÍOSLÓDÁIL ANSEO

CAIRT CUSTAIMÉIRÍ 2019-2024 – ÍOSLÓDÁIL ANSEO

Tuarascáil Bhliantúil maidir le Nochtuithe Cosanta

Tá sé mar aidhm le hAcht um Nochtadh Cosanta, 2014 daoine a tharraingíonn aird ar éagóir fhéideartha san ionad oibre a chosaint.

Reachtaíocht sceithirí a thugtar ar an Acht go minic, a bhfuil éifeacht leis ón 15 Iúil 2014. Foráiltear ann le haghaidh cúitimh d’fhostaithe a ndearnadh a dhífhostú nó a phionósú ar shlí eile mar gur thuairiscigh sé nó sí éagóir fhéideartha san ionad oibre.

Mar atá sonraithe in Ionstraim Reachtúil 339 de 2014 Acht um Nochtadh Cosanta 2014 (Alt 7(2)) Ordú 2014, tá Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) forordaithe chun feidhmiú mar fhaighteoirí nochtuithe d’éagóracha ábhartha.

Is féidir Doiciméad Beartais um Nochtuithe Cosanta/Sceithirí WDC a íoslódáil ANSEO.

Is féidir Foirmeacha um Nochtuithe Cosanta/Sceithirí a íoslódáil ANSEO.

Is féidir le WDC a dheimhniú nár cuireadh aon Nochtadh Cosanta faoi bhráid WDC i rith na tréimhse idir Eanáir 2021 agus an 31 Nollaig 2021.

Ráiteas Beartais Timpeallachta le haghaidh Teach Dillon

Tá WDC suite i dTeach Dillon, Bealach an Doirín, foirgneamh liostaithe atá faoi úinéireacht Chomhairle Contae Ros Comáin.  Is Comhlacht Reachtúil é WDC atá faoi choimirce na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.  Bunaíodh WDC chun aird a tharraingt ar Fhorbairt Shóisialta agus Gheilleagrach an Iarthair.  I measc na gcontaetha a thagann faoi théarmaí tagartha WDC tá; An Clár, Dún na nGall, Gaillimh, Liatroim, Maigh Eo, Ros Comáin agus Sligeach.

 

An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)

Tá dualgas ar Choimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) Acht um Chosaint Sonraí, 1988 agus Acht um Chosaint Sonraí (Leasú), 2003 a chomhlíonadh.   Déantar cur síos sna Treoirlínte agus sna Nósanna Imeachta seo a leanas ar an ngealltanas atá tugtha ag WDC cearta agus príobháideachas daoine a chosaint de réir na nAchtanna seo.

ÍOSLÓDÁIL TREOIRLÍNTE RGCS WDC

Faisnéis na hEarnála Poiblí (PSI)

Athúsáid Rialachán Faisnéise na hEarnála Poiblí, 2005 (IR 279 de 2005)

Tá na Rialacháin maidir le hAthúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí á gcomhlíonadh ag Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) agus tacaíonn an Coimisiún le hathúsáid a bheith á baint as an bhfaisnéis a chuireann sé i dtoll a chéile.

Tá an fhaisnéis ar fad atá le fáil ar ár suíomh gréasáin faoi réir cóipchirt WDC mura sonraítear a mhalairt. Is féidir leat an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin seo a athúsáid saor in aisce in aon fhormáid faoi réir an cheadúnais PSI is déanaí atá ar fáil ar Thairseach Athúsáide Fhaisnéis na hEarnála Poiblí: www.psi.gov.ie

Cód Iompair

Sonraítear sa Chód seo na prionsabail eiticiúla atá comhaontaithe agus deimhnithe ag Comhaltaí an Bhoird, Coistí Comhairleacha, Foireann Bhainistíochta agus Foireann WDC trí bheartais, nósanna imeachta agus cleachtais reatha Acmhainní Daonna agus Eagraíochta.

Más gá, úsáidtear beartais agus nósanna imeachta breise chun ceanglais an Chóid Eitice do Chomhlachtaí Stáit a chomhlíonadh.

Tá sé mar aidhm leis an gCód Iompair a bhfuil glactha ag WDC leis

  • Cur síos a dhéanamh ar an tacar comhaontaithe de phrionsabail eiticiúla a mbeidh ár n-iompar á rialú aige;
  • Tacú le muinín agus iontaoibh agus iad a chothabháil; agus cosc a chur ar fhorbairt nó glacadh le cleachtais mhí-eiticiúla.

ÍOSLÓDÁIL CÓD IOMPAIR WDC