Skip to main content

Is comhlacht reachtúil é Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) a bunaíodh sa bhliain 1997 chun tacú le forbairt shóisialta agus gheilleagrach i Réigiún an Iarthair (na contaetha seo a leanas – Dún na nGall, Liatroim, Sligeach, Maigh Eo, Ros Comáin, Gaillimh agus An Clár).

Tá oibleagáid reachtúil ar WDC comhairle a chur ar an rialtas maidir le saincheisteanna a bhfuil tionchar acu ar Réigiún an Iarthair agus beartas rialtais a chur chun cinn a bhfuil sé mar aidhm leis caighdeáin shóisialta agus gheilleagracha anseo a fheabhsú. Tá Ciste Infheistíochta WDC á bhainistiú aige, a sholáthraíonn iasachtaí agus caipiteal gnáthscaireanna do ghnóthaí agus do phobail áitiúla sa réigiún.

Tá cur síos déanta ar an obair a dhéanaimid inár straitéise ‘Obair Níos Cliste, Saol Níos Fearr’. Foilsíodh an straitéis in 2019 agus sonraítear ann treochlár don eagraíocht don chúig bliana ina dhiaidh sin. Tá an straitéis seo bunaithe ar thrí cholún: cur chun cinn an réigiúin; ceannaireacht réigiúnach; agus fiontraíocht inbhuanaithe, fianaise ar chuspóirí straitéiseacha na heagraíochta sa ghearrthéarma, meántéarma agus fadtéarma.

Cur chun cinn an réigiúin

Sa ghearrthéarma, is é an aidhm atá againn cur le próifíl an réigiúin agus ár scéal a roinnt le pobal níos mó, go háirithe daoine ar spéis leo teacht chun cónaithe nó chun oibre anseo. Is ceantar fíorálainn é réigiún an Iarthair, atá suite ar chósta Atlantach na hÉireann, imeall iarthar na hEorpa, agus is pointe isteach nádúrtha é ó SAM, Ceanada agus Críocha Mheiriceá.

 

Ceannaireacht réigiúnach

Cuimsítear anseo cuspóirí meántéarmacha chun aontacht a spreagadh ar fud an réigiúin, trí thionscadail shuntasacha cosúil le Conair Gheilleagrach an Atlantaigh.  Chomh maith leis sin, léirítear ann tacaíocht don athrú i dtreo na cianoibre agus na hoibre dáilte, a chruthaíonn scóip shuntasach d’fhás tuaithe agus réigiúnach. Chomh maith leis sin, clúdaítear sa cholún seo dár straitéis tionscadail náisiúnta agus AE a dhéanann scrúdú agus measúnú ar bhealach nua oibre agus comhoibrithe agus a sholáthraíonn an t-ardán le haghaidh pleanáil chun cinn agus athléimneacht réigiúnach.

Fiontraíocht inbhuanaithe

Is fís fhadtéarmach é seo d’fhonn cur leis an rath a bhí ar ár gCiste Infheistíochta síorghlas, a bhfuil luach €72m luaite leis, atá cothrom le níos mó ná dhá oiread na hinfheistíochta bunaidh a leithdháileadh ar WDC. Is í an sprioc atá againn as seo go ceann cúig bliana cur lenár n-infheistíochtaí agus iasachtaí agus ardán a chruthú chun buntáiste iomaíoch domhanda a chruthú don réigiún i réimsí tábhachtacha, ach é seo a dhéanamh ar bhealach a chosnaíonn áilleacht nádúrtha agus acmhainní ár réigiúin agus a fheabhsaíonn caighdeán saoil na ndaoine atá ina gcónaí sa réigiún.

Obair níos cliste

Is príomhthionscnóirí iad nascacht agus inbhuanaitheacht, a thacaíonn le agus a chruthaíonn gnó inbhuanaithe a thacaíonn le pobail ar fud Réigiún an Iarthair, ar bhealach a chosnaíonn ár dtimpeallacht uathúil. Trí bheith ag comhoibriú le daoine eile, tacóimid agus cruthóimid deiseanna a chothromaíonn riachtanais ár réigiúin, na ndaoine agus na todhchaí, agus cuirfear leis na láidreachtaí earnálacha agus dúchasacha atá ann cheana féin agus atá i mbun forbartha.

Ár bhfís

Comhoibriú chun ár réigiún a chur chun cinn ag leibhéal domhanda agus chun na dúshláin atá le sárú ag leibhéal réigiúnach chun pobail bhríomhara, nasctha a chinntiú a shainaithint, a anailísiú agus iarracht a dhéanamh na dúshláin sin a mhaolú.

Saol níos fearr

Cuirfimid Réigiún an Iarthair chun cinn mar cheantar atá iomaíoch ar leibhéal domhanda agus ceantar ina bhfuil cothromaíocht oibre is saoil den chéad scoth. Oibreoimid ar mhaithe le héagothromaíocht réigiúnach a mhaolú, laistigh den réigiún agus i dteannta le réigiúin eile, agus beidh ról ceannasaíochta againn i ndáil le cothromaíocht deiseanna oibre níos cliste agus comhdheis agus rochtain chomhionann ar thacaíochtaí stáit do gach saoránach inár réigiún a thairiscint.

Tuigimid

Ainneoin athrú suntasach, agus leanúnach, sa timpeallacht shóisialta mar aon le hathrú teicneolaíoch, tairgeann Réigiún Iarthar na hÉireann cothromaíocht oibre is saoil agus deiseanna pearsanta agus gairmiúla chun dul chun cinn a dhéanamh, deiseanna ar deacair iad a shárú ar fud an domhain

Ár réigiún

Suite feadh phríomhimeall na hEorpa, is ceantar fíorálainn é Réigiún Iarthar na hÉireann. Is réigiún lán éagsúlachta é, tá mol domhanda teicneolaíocht mhíochaine ann, ina bhfuil saineolas tionscail aitheanta i mbraiteoirí agus soghluaisteacht agus geilleagar cruthaitheach atá faoi bhláth.

Ó bunaíodh é, tá ról suntasach ag Coimisiún Forbartha an Iarthair i bhfás geilleagrach an réigiúin, tá €56.6m infheistithe in 187 FBM, micrithionscadal agus fiontar sóisialta, ag cruthú 2,500 post go díreach agus ag giniúint caiteachas bliantúil de €24m ar thaighde agus ar fhorbairt.

In 2016 bhí 54,410 fiontar cláraithe i Réigiún an Iarthair rud a chiallaíonn go bhfuil 17.4% de gach fiontar in Éirinn lonnaithe i Réigiún an Iarthair. Is micreaghnóthais iad a bhformhór acu seo – 92.7% i Réigiún an Iarthair i gcomparáid le 91.6% sa chuid eile den stát. Tá an líon is mó micreaghnóthas in Éirinn i Ros Comáin (94.6%) agus Liatroim (94.4%).

Seo a leanas na contaetha atá i Réigiún an Iarthair – Dún na nGall, Sligeach, Liatroim, Maigh Eo, Ros Comáin, Gaillimh agus An Clár, agus is réigiún tuaithe den chuid is mó atá ann agus tá roinnt de na codanna is iargúlta den tír le fáil ann. Go deimhin, tá cónaí ar 64.7% den daonra lasmuigh de bhailte ina bhfuil 1,500 nó níos mó duine agus is chuige sin atá béim ar leith á leagan ag WDC ar riachtanais, agus deiseanna, le haghaidh ceantar níos tuaithe agus níos imeallaí.