Skip to main content

Bunaíodh Coimisiún Forbartha an Iarthair mar fhreagairt do bhrú ón bpobal déileáil leis an laghdú daonra suntasach a bhí le tabhairt faoi deara i Réigiún an Iarthair.

Ba ag deireadh na 1990idí a bunaíodh é agus is freagairt rialtais ba ea bunú Choimisiún Forbartha an Iarthair do bhrú suntasach ón bpobal déileáil leis an laghdú daonra suntasach a bhí ag tarlú i Réigiún Iarthar na hÉireann le blianta fada anuas.

Bhí scála an laghdaithe seo, i dteannta le suíomh imeallach agus bonneagar lag an réigiúin, mar bhonn le méid beag infheistíochta a bheith á mealladh i dtreo an Iarthair. Bhí an ganntanas deiseanna oibre agus an eisimirce shuntasach a tharla dá bharr mar bhonn le bunú Choimisiún Forbartha an Iarthair in 1997 ar bhonn neamhreachtúil.

D’éirigh thar cionn le Coimisiún Forbartha an Iarthair freagairt don dúshlán seo:

  • Ba é an t-aon ghníomhaireacht ag a bhfuil téarmaí tagartha chun straitéisí réigiúnacha a fhorbairt agus a éascú.
  • Ba é an t-aon ghníomhaireacht ag a bhfuil téarmaí tagartha chun comhairle a chur ar an rialtas náisiúnta maidir le hathruithe beartais atá riachtanach don Iarthar.
  • Bhí sé in ann tacú le gnóthaí áitiúla ag a bhfuil saineolas agus infheistíocht ó Chiste Infheistíochta an Iarthair (WIF).

Bunaíodh an Coimisiún i ndiaidh feachtas leanúnach faoi na dúshláin thromchúiseacha atá le sárú ag réigiún an iarthair. Thacaigh Comhairle an Iarthair leis an bhfeachtas poiblí, eagraíocht dheonach a bunaíodh i ndiaidh comhdháil a reáchtáil easpaig chaitliceacha sa bhliain 1991 i réigiún an iarthair chun aird a tharraingt ar ghníomh easnamhach rialtas i ndiaidh a chéile déileáil leis na bearnaí bunúsacha a bhí sa réigiún. Spreag an brú ón bpobal beart polaitiúil, agus in 1998, ritheadh Acht um Choimisiún Forbartha an Iarthair.

Soláthraíonn Coimisiún Forbartha an Iarthair eolas, trí thaighde fianaisebhunaithe agus comhairliúchán, don rialtas agus do bheartas náisiúnta maidir le saincheisteanna a bhfuil tionchar acu ar Réigiún an Iarthair agus a fheabhsaíonn caighdeáin shóisialta agus gheilleagracha sa réigiún. Threoraigh sé bunú agus forbairt ghréasáin de Mhoil AEC agus bainistíonn sé Ciste Infheistíochta Coimisiún Forbartha an Iarthair , a sholáthraíonn iasachtaí agus cothromas do ghnóthaí agus do phobail áitiúla sa réigiún.

Tá 12 chomhalta ag an gCoimisiún atá ceaptha ag an Aire Tuaithe agus Forbartha Pobail, Heather Humphries, TD. Tá trí oifig ag an gCoimisiún, ceann i Sligeach, i nGaillimh agus is i mBealach an Doirín, Co. Ros Comáin atá an phríomhoifig. Fostaíonn an Coimisiún 28 comhalta foirne atá lonnaithe ar fud an réigiúin.

Clúdaíonn Réigiún an Iarthair, ina bhfuil seacht gcontae, 37% de mhórchríoch an Stáit agus is ann atá 17.4% de dhaonra na tíre.  Tá patrún lonnaíochta scaipthe ann; tá cónaí ar 80% den daonra lasmuigh d’ionaid uirbeacha mhóra (10,000 nó níos mó) agus tá cónaí ar dhá trian de dhaoine lasmuigh d’ionaid ina bhfuil 1,500 duine nó níos mó. Tá 40 ionad uirbeach suite inár réigiún ar réigiún tuaithe den chuid is mó atá ann.  Tá ról lárnach ag na sé hionad is mó – Gaillimh, Inis, Leitir Ceanainn, Sligeach, Caisleán an Bharraigh agus Béal an Átha – ina ndobharcheantair níos mó.  Tacaíonn bailte eile, lena n-áirítear bailte contae, le forbairt áitiúil agus is ionaid gheilleagracha thábhachtacha iad i gceantair atá suite níos faide ó cheantair uirbeacha níos mó.

In 2015 bhí ioncam indiúscartha in aghaidh an duine faoi 90% de mheán an Stáit i gcúig chontae i réigiún an iarthair.  I dtéarmaí Oll-luach Breise (GVA) réigiúnach, i gcomparáid le hinnéacs Stáit de 100, bhí innéacs de 36.3 ag réigiún na teorann in 2015 agus bhí innéacs de 56.6 san Iarthar agus de 72.6 san Iarthar Láir.  Tá laghdú tagtha ar na hinnéacsanna GVA réigiúnacha, i gcomparáid leis an stát, sa trí réigiún ó 2007, fianaise go bhfuil méadú suntasach ag teacht ar éagothromaíochtaí réigiúnacha.